← Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifís i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. 🔊✎
← Bhain sé súimín beag as an phionta a bhí roimhe agus smaointigh sé ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile. 🔊✎
← Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga fá na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. 🔊✎
← Dá ndearcfadh sé ar an am a chuaigh thart, déarfadh geallghlacadóir ar bith go mbeadh an bua ag Sarah arís eile. 🔊✎
← Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎
← Gan fiú a chairde féin nach dtug "fear ólta sú" air a mhéad is a chloígh sé leis an mheasarthacht i ngnoithe ólacháin. 🔊✎
← Agus leis an fhírinne a dhéanamh, bhí oiread dúil sa chraic agus sa chuideachta aige is a bhí aige i gcaitheamh siar pointaí. 🔊
← Ní ligfeadh an bród di bheith ar a athrach de dhóigh, nó níor lú uirthi an diabhal ná a chairde a rá go raibh sé faoi chrann smola aici. 🔊✎
← Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo dó a bheo dá dtigeadh sé na bhaile roimh an deich a chlog, nó dá ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith dó. 🔊✎
← Bhí sé oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil dó féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊✎
← "Anois, a fheara, an rud céanna arís?" 🔊✎
← "Beidh ceann beag agam an t-am seo, murar miste leat, a Jimmy." 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí Billy ag ceiliúradh an linbh úir i rith na seachtaine. 🔊✎
← Tháinig an gaffer air le casaoid chrua fán dóigh a raibh sé ag leagan na mbrící. 🔊✎
← Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing sé ar an bheár. 🔊✎
← Bhí Micí, an freastalaí, ansin roimhe agus é ag éisteacht leis na pótairí a bhíina suí ag an bheár, má b'fhíor dó. 🔊✎
← D'aithin sé na haghaidheanna uilig agus thug sé fá dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip. 🔊✎
← Chuaigh sé a smaointiú ar an tsaol a chaithfeadh bheith acu sa bhaile; ní raibh a fhios aige cad é mar a thiocfadh leo suí ansin uair i ndiaidh uaire is gan scrupall coinsiasa ar bith orthu. 🔊✎
← B'fhéidir gurbh airsean a bhí an t-ádh. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, ní raibh an teach chomh maith sin nuair a cheannaigh siad é; ceithre mhíle punt a thug siad don Housing Executive ar son ballóige, féadaim a rá, a raibh brící sna fuinneoga ann. 🔊✎
← Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh sé féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊✎
← Is dóiche nach bhfuil tú ag fáil mórán codlata ar an aimsir seo..." 🔊
← Chuir Micí dhá losaid fána lán gloiní ar an chuntar agus thug Jimmy chun table fá dheifir iad. 🔊✎
← Chaith sé siad deireadh a phionta, d'fhág sé slán ag an chuideachta agus rinne a bhealach a fhad le biatheach na Síneach. 🔊
← Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, ní raibh in Jimmy ach duine gan ainm. 🔊✎
← Thiontaigh sé aníos coiléar a chasóige agus shiúil na cúpla céad slat a thug a fhad leis an Jasmine Palace é. 🔊✎
← Istigh ansin bhí an t-aer trom le boladh spíosraí agus teas bealaithe. 🔊✎
← Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin fá cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊✎
← "Níl mórán de do mhacasamhail ag gabháil ar an aimsir seo. 🔊✎
← Tháinig an deargnáire ar Jimmy. 🔊✎
← Ní raibh lá ruin aige an tseanchuimhne nimhneach sin a mhúscailt i gceann Liz - an stócach a bhí seal i ngrá léi agus a d'fhág ina dhiaidh sin í nuair a theann an saol go crua orthu. 🔊✎
← Ach, ar ndóigh, ní féidir an rabharta a chosc. 🔊✎
← Rinneadh foscladh ar an chomhla bheag sa bhalla ar chúl an chuntair, agus cuireadh mála bia agus ticéad amach. 🔊✎
← Thiontaigh Liz a súil ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú bhuidéal an Olde English. 🔊✎
← Chlaon Jimmy a cheann mar fhreagra, thóg an mála donn agus d'fhoscail doras trom na sráide. 🔊✎
← Chonacthas dó gur éirigh an oíche iontach fuar. 🔊✎
← Chuir sé mála an bhia taobh istigh dá chasóg in aice lena chliabhrach leis an teas a choinneáil ann, cé nach raibh i bhfad le siúl aige. 🔊✎
← Chuaigh sé a smaointiú ar an chraos tine a bheadh sa teallach roimhe, agus ar an dá phláta agus an dá fhorc a bheadh réidh ag Sarah agus í ag súil leis na bhaile. 🔊✎
← Níor chuala sé an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach as dorchadas na hoíche. 🔊✎
← Ní fhaca sé an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint ní b aghraiflí aige ná an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil sé urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊